FreeBSD: Rogha Inúsáidte Maɼ Mhalaiɼt aɼ Fhɼeastalaí Linux i dTímpeallachtaí ga_IE.UTF‑8?

Foíllseachán de chuid Leabharlann an 2½d.

Míċeál Ó Loċlainn a scrígh

29ú Mí na Beallthaine 2018 dáta a chéadfoilsithe (in gaoluinn.ie).

URL a chéadfoíllsithe: https://www.gaoluinn.com/teic/ailth/freebsd-agus-ga-ie-utf-8-eochairmhapaí-agus-logcaighdeáin/index.html

Iarna athfhoíllsiú i Leabharlann an 2½d: 28ú Mí ’n Mhárta 2021.

Eochairfhocail: FreeBSD, Gaelainn, logánú, logcaighdeán, eocharmhapa, méarchlár.

Tuigfar go bhfuil gnéithe áirithe den alth so abhfad à dáta; an fhaisnéis ar dhíorthaígh BhSD go háirithe.

Achoimiɼe

Córas oibriúcháin cumhachtach, nua-aimseartha is ea FreeBSD. Is maith é an oidhreacht athá aige: ar 4.4BSD-Lite, eisiúint UNIX de chuid Ollscoil Chalifornia, Berkeley, a bunaíodh é. Dar leis an bhFreeBSD Documentation Project (2018b), tá sé oiriúnach le húsáid ar ríomhairí deisce/glúine, ar fhreastalaithe agus i gcórais leabaithe; ar réimse fairseag ardán. Mar sin fein, cé gur féidir é a ghléasadh mar chóras oibriúcháin deisce, ní muar a rá nách í sin an úsáid is comónta a bhaintar as (Statcounter, 2018).

D’uinneoin a oidhreacht UNIX, is d’uinneoin é ’ bheith mar chóras oibriúchain príomhshrutha le cúig bliana fichead (FreeBSD Documentation Project, The, 2018a), níl á rith i láthair na huaire ach c. 0.6% de fhreastalaithe poiblí Gréasáin (W³Techs, gan dáta a). Ar a’ dtaobh eile den sceol, tá sé mar bhunsraith nú mar mhuar-chomhpháirt ag roinnt mhaith táirgí súntasacha tráchtála. Tá Apple MacOS agus iOS (Apple Inc, 2016; Lucy, 2007), Netflix Open Connect (Netflix Inc, 2012; Long, 2012), Sony Playstation (Sony Interactive Entertainment Inc, gan dáta), Trivago (Netcraft Inc, gan dáta) agus Whatsapp (Whatsapp Inc, gan dáta) ina measc súd. Dá réir sin, ní móide ’ rá gur táirge niche é.

Logcaighdeán is ea ga_IE.UTF‑8 — tacar ordaithe sonraí mar leis an dteangain dhaonna agus mar leis na caighdeáin comhthiomsaithe is tomhais a úsáidtar i ndúthaigh fé leith. Baineann ríomhchórais úsáid à logcaighdeáin chun faisnéis a chur i bhfál a chéile is a chur i láthair, is í sínte amach do réir ghnás peocu dúthaí ar a bhfuil an córas ag freastail. Tugann ga_IE.UTF‑8 le fios gur Gaelainn na hÉireann teanga dhaonna na dúthaí agus nách foláir cloí le caighdeáin comhthiomsaithe is tomhais na hÉireann. Tugann sé le fios nách foláir caighdeán ionchódaithe téacsa UTF‑8 d’úsáid chun faisnéis téacsa a láimhseáil is a ionramháil. Cuireann UTF‑8 ionchódú Unicode i gcrí. Caighdeán idirnáisiúnta is ea Unicode, go bhfuil d'aidhm aige seasamh le láimhseáil carachtar téacsa de chuid chóras éagsúla scríbhneoireachta an domhain. Dá réir seo, is féidir le UTF‑8 deighleáil le carachtair ar nós gutaí fada agus cúnsainí buailthe na Gaelainne, go bhfuil marcanna idirdhealaitheacha orthu ins an leagan scríofa. Tá sé seo le cur i gcodarsnacht le caighdeán ASCII, ná cuireann ar fáil ach 95 carachtar inphriúntáltha d’fhonn seasamh le Béarla Mheirice.

Ar thímpeallachtaí dáiríre gurb é ga_IE.UTF‑8 an logchaighdeán is loighciúla le húsáid iontu, marab é an t‑aon rogha loighciúil, athá fócus an pháipéir seo. Tá freastalaithe táirgthe Ubuntu Linux agus Microsoft Windows agam á rith le corraíocht is deich mbliana, is iad gléasta le ga_IE mar logcaighdeán uilíoch. Tá acfainn shúntasach age sna córais oibriúcháin seo chun na Gaelainne do chomhtháthú lena ngnáthfheidhm. Tá aistriúchán Gaelainne, é neamh-iomlán, neamh-fhoirife, ach substaintiúil mar sin féin, ar fáil do chomhéadain úsáideora chonsóil Ubuntu (don deasc amháin athá a lithéid ar fáil ar ardán Windows) agus tá mapaí méarchláir ag Ubuntu is age Windows chun gur féidir carachtair téacsa ortaghrafaíochta reatha na Gaelainne a iúntráil go sadhráideach. Seasaíonn Ubuntu le carachtair na hortaghrafaíochta traidisiúnta leis. Tugann taithí fhad-téarmach le fios go ritheann feidhmchláir chomónta freastalaí ar nós Apache Web Server is MariaDB ar na córais seo gan aon tsnaidhm. I gcás Windows, ní hamháin go ritheann comhbhaíll bainistí córais ar nós Active Directory is Group Policy chomh maith is a rithid siad i dtímpeallachtaí en_IE / en_GB / en_US ach is amhlaidh go nglacaid siad le gutaí fada is le carachtair eile neamh-ASCII in ainmneacha oibiachtaí. Tugann taithí le fios, leis, nách aon deocracht é gutaí fada, cúnsainí buailthe agus carachtar eile neamh-ASCII a láimhseáil go hiontaofa is go sábháltha laistigh de chomhaid lomtheacsa agus in ainmneacha comhad is comhadlann.

Do chuireas romham a fháil amach an bhfuil ar chumas FreeBSD nea'mionathraithe feidhm inchúmparáide a sholáthar agus, dá réir, a fháil amach más rogha inoibrithe é ar Linux mar chóras oibriúcháin freastalaí táirgthe i dtímpeallachtaí go bhfuil ga_IE.UTF‑8 a’ teastáil iontu mar logcaighdeán.

An fheidhmiúlacht inmhianaithe

Bunfheidhmiúlachtaí a theastaíonn chun tímpeallacht phɼaiticiúil ga_IE.UTF‑8 a sholáthaɼ

Do chuireas an liosta so bunfheidhmiúlachtaí, idir riachtanach agus inmhianaithe, i bhfál a chéile:

Logcaighdeán
Riachtanach: ga_IE.UTF‑8.
Mapa méarchláir
Riachtanach: Mapa méarchláir a chuireann ar fáil gach carachtar téacsa de chuid ortaghrafaíocht reatha na Gaelainne.
Inmhianaithe: Mapa méarchláir a chuireann ar fáil gach carachtar téacsa de chuid ortaghrafaíocht thraidisiúnta na Gaelainne.
Logánú an chomhéadain úsáideora*†
Inmhianaithe: É seo ’ bheith leath- nú lán-logánaithe.
Cló an chomhéadain úsáideora*
Riachtanach: Glifeanna cuí ’ bheith aige seo d’fhonn carachtair ortaghrafaíocht reatha na Gaelainne a leiriú.
Inmhianaithe: Glifeanna cuí ’ bheith aige seo d’fhonn carachtair ortaghrafaíocht thraidisiúnta na Gaelainne a leiriú.
Ionchódú UTF‑8 i gcomhaid téacsa
Riachtanach: Feidhm iomlán chun ionchódáil UTF‑8 a láimhseáil go sábháltha i gcomhaid téacsa.
Carachtair aibítireacha na Gaelainne in ainmneacha comhad agus comhadlann
Riachtanach: Feidhm iomlán chun comhaid agus comhadlanna go bhfuil carachtair de chuid ortaghrafaíocht reatha na Gaelainne ina n‑ainmneacha a láimhseáil go sábhaltha.
Inmhianaithe: Feidhm iomlán chun comhaid agus comhadlanna go bhfuil carachtair de chuid ortaghrafaíocht traidisiúnta na Gaelainne ina n‑ainmneacha a láimhseáil go sábhaltha.

*Ós tímpeallacht freastalaí den aicime UNIX (*nix) atha fé chaibidil, is é comhéadan líne na n‑orduithe amháin athá in aigine anso — ’sé sin, an consól agus an plaosc réamhshocaraithe.

†Ní muar aird a dhíriú ar an ndifir idir logánú chomhéadan an chórais oibriúcháin féinig agus logánú feidhmchlár bogearra athá suite air. Is minic go nglaonn feidhmchláir ar an gcóras oibriúcháin chun teachtaireachtaí chomónta téacsa a léiriú ar an scáileán ach ní foláir don bhfeidhmchlár roinnt mhaith dá chuid patrún téacsa féin a sholáthar. Leis an gcóras oibriúchán féinig, agus le peocu feidhmchláir sheachtaracha a thagann ’na fhochair mar chuid dá shuitáil bhunaidh, a bhaineann an obair reatha.

GNU/Linux ⁊ na bunfheidhmiúlachtaí seo

Cuireann Freastalaí Ubuntu Linux na feidhmiúlachtaí seo ar fáil ón gcéad lá. Is féidir iad go léir a chumasú le línn a shuitála ach ‘Gaeilge’ a roghnú mar theangain, ‘Dublin / Europe’ a roghnú mar shuíomh agus ‘Gaelach / Cló Gaelach’ a roghnú mar mhéarchlár. Eaglais leathan is ea Linux, mar sin féin, agus níor ghá iad a bheith ar fáil chomh sadhráideach céanna — nú in aon chor — i gcás gach dáileacháin. Do roghnaíos Ubuntu chun an chúmparáid idir FreeBSD agus Linux a dhéanamh de bharr é ’ bheith chomh láidir ’s athá sé sa mhargadh: do réir staitisticí, tá sé á rith ar tímpeall 40% de fhreastalaithe Gréasáin ar an Idirlíon (W³Techs, gan dáta b).

Meon lucht *BSD i leith idiɼnáisiúnaithe ⁊ logánaithe

Thug réamhléitheoireacht le fios gur ana-choimeádach í an fhine córas oibriúcháin *BSD (ConcernedOfTunbridgeWells, 2010; Ellingwood, 2015; Reid, 2017). Bainteach leis seo, thug réamhobair bhunúsach a dhineas le FreeBSD le fios gur tanaí ar fad é an réimse roghanna um logánú agus logcaighdeán athá aige ná an réimse roghanna ’tá ag Linux.

Cé go dtuigim bunchúiseanna ’n choimeádachais seo — intaofacht, seasmhacht agus slándáil — is go bhfuilim lán ’na bhfabhar, mheasas go mba chóir dom aga beag a chaitheamh a’ cuardach tuairim de mheon lucht forbartha is lucht úsáidte *BSD i leith idirnáisiúnaithe agus logánaithe. Níorbh fhiú dul ar aghaidh leis an obair seo dá mba rod é nár riúnaigh sí le meon agus le mianta phobail a’ chórais oibriúcháin féinig.

FɼeeBSD

Seasaíonn tionscadal FreeBSD féinig go nea'dhromchlach le logánú: FreeBSD supports localization into many languages, allowing users to view, input, or process data in non-English languages (FreeBSD Documentation Project, The, 2018c).

Is deallraitheach go bhfuil an meon oscailthe seo le fáil i measc lucht úsáidte FreeBSD leis. D’aimsíos snáithe fóraim (Forester, 2017) mar gheall ar leagain amach (mapa) méarchláir do Thuircis‑F (ceann de dhá leagain amach chomónta a húsáidtar sa Tuirc; Turcais‑Q an ceann eile). Rith leis an duine ’ thosnaigh an snáithe cabhair a fháil, a chuir ar a chumas an leagain amach d’fhorbairt dò féin. Dá éis sin, nár glacadh le toradh a chuid oibire go foirmeáltha mar phaiste don gcóras oibriúcháin (FreeBSD Project, The, 2017)?

Mar sin féin, ní hamhlaidh ná fuil cur i gcoinnibh le haimsiú sna bhfóraim. Tugann an dá shliocht so sampla de seo, a bhaineann le cumasú uilíoch UTF‑8 ar fhreastalaithe FreeBSD — cé go rabhthas chun cloí le en_US sa logcaighdeán:

You're better off leaving root's environment to the "C" locale. In theory nothing in the ports(7) or build(7) subsystems would take offense at UTF‑8 locales but that's not guaranteed, especially on the ports system where ports can use their own bundled custom build tools that are outside the ports quality control.

(kpa, 2015)

…I think kpa has a good point. The root account is for administrative purposes so I don't see a reason to change root's environment… I've since changed my own configuration(s) accordingly.

(protocelt, 2015)

D’aimsíos sampla eile, a bhaineann le húsáid carachtar Unicode in ainmneacha comhad:

…Putting characters into file names that are "ambiguous" is just a really bad idea. By "ambiguous", I mean… for example, how they are to be rendered into pixels in a human-visible screen…

…As long as you only put displayable 7‑bit ASCII characters… into file names, we know that nearly every [piece of software] will be able to display them, and the result will always be the same.

Obviously, it is a very bad idea to create file names that are nearly impossible to display. For example, it is technically legal to create a file whose name is space and tab (two characters long), but you will probably have a really hard time seeing that file in the output of [file listings], and operating on that file… will require trickery. Even more fun can be had with a file whose name is a single Control‑C (character 0x03), which is awfully hard to enter.

Now lets switch to wider character sets. Say you configure your "computer"… to use the ISO‑8859‑1 character set, and create a file whose name is [áa]. No problem, you can [perform common operations on this file]. Now you reconfigure your computer to use a different encoding (for example UTF‑8), and: the name of the file is completely different! Matter-of-fact, you can have two windows open, with xterm configured for different encodings and the LOCALE environment variable set differently, and one window can create a file, and in the other window the file has a completely different name. Even worse: in a different environment, the file name may become "undisplayable"…

If you really want to put unicode characters in file names, I only know of one sane solution: make 110% sure that ALL your windows, applications, shells, LOCALEs and such use UTF‑8. You have to be religious about consistency, otherwise hell will break loose.

Now imagine what happens if you take that file system with UTF‑8 encoded unicode file names, and share it with zillions of other users or computers… and you can see why maintaining such consistency is very hard.

…Some applications are… developed with great care. Others less so. If applications think that file names… follow the rules of other translatable strings that are locale-dependent, they are making a big mistake… the raw binary version will come back out of the file system in a different locale, to haunt you.

(ralphbsz, 2014)

Dáltha an chéad tsampla, tá argóintí réasúnta teiciniúla tabhartha — cé go bhfuil iarracht reductio ad absurdum agus argumentum ad metum tríothu — agus ní léirítar dímheas ná dro’mheas ar theangacha nách Béarla (Mheirice) iad ná ar chríocha nách iad na Stáit Aontaithe. Ní argóintí nea’chomónta iad so ach an oiread. Mar sin féin:

  • Tugann an bundearcadh neamhaird ghlan ar fhírinne an tsaeil dhomhanda, ílteangaigh, ílchulthúrtha.
  • Brúann sé teora ’n tacair 95 carachtar téacsa inphriúntáltha, ar leor é chun Béarla Mheirice ’ scrí, ar an saol soin go léir.
  • Brúann sé an aibítir Laidine air leis.
  • Cothaíonn sé cailciú status quo lochtach, a bhí leath-inchosanta deich fichid bliain ó shin ach a léiríonn p’róistiúlachas den aicime the continent is cut off sa lá athá inniubh ann. Go deimhin, is ann do shnaidhmeanna áirithe praiticiúla mar le hionchódú carachtar téacsa ach is féidir na snaidhmeanna so ’ scaoileadh, do réir a chéile, ach úsáid ionchódáil Unicode ar nós UTF‑8 a threisiú.

Léiríonn na samplaí ’ aimsíos réimse tuairimí i leith an abhair seo, ó dhearfach go diúlthach ach is léir ná tagann aidhmeanna na hoibire reatha s’lach ar ghnáthdhearcadh lucht FreeBSD, ná ar fheidhmiúlacht an chórais oibriúcháin sin.

OpenBSD

Is muar an chodarsnacht idir FreeBSD agus OpenBSD:

A locale is a set of environment variables telling programs which character encoding, language and cultural conventions the user prefers. Programs in the OpenBSD base system ignore the locale except for the character encoding, and it is not recommended to use any of these variables except that the following non-default setting is supported as an option: export LC_CTYPE=en_US.UTF‑8The OpenBSD base system supports two locales: the default [which] selects the US-ASCII character set and encoding… [and] export LC_CTYPE=en_US.UTF‑8[, which] selects the UTF‑8 encoding of the Unicode character set[. This] is supported by many parts of the system, but not yet fully supported by all parts… If the value of LC_CTYPE ends in ‘.UTF‑8’, programs in the OpenBSD base system ignore the beginning of it, treating for example zh_CN.UTF‑8 exactly like en_US.UTF‑8… Some programs… deliberately ignore the locale and always use US-ASCII only.

(OpenBSD, gan dáta b.)

The OpenBSD base system fully supports the ASCII character set and encoding, and partially supports the UTF‑8 encoding of the Unicode character set. No other encodings or character sets are supported by the base system, but ports can be used to handle them. The level of UTF‑8 support and the default encoding configuration vary greatly with the program or library.

(OpenBSD, gan dáta c.)

Tosaíocht de chuid lucht OpenBSD a fhorbairt é mianach a chórais oibriúcháin — Only two remote holes in the default install, in a heck of a long time!; Our efforts emphasize portability, standardization, correctness, proactive security and integrated cryptography. (OpenBSD, gan dáta a). Tá san le moladh, agus is ró-dhócha go bhfuil baint ag an ndianchúngú logcaighdeáin seo léi.

Mar sin féin — agus ní cáineadh an méid seo ’ leanas ach measúnacht oibiachtúil — is deocair gan teacht ar a’ dtuairim go léiríonn an tosaíocht so meon cúng teangeolaíoch agus culthúrtha; rod go bhfuil baint aige le habhar toisc teanga agus culthúr ’ bheith age gach éinne a bhaineann úsáid nú tairbhe à ríomhchórais. An chóir go gcaithfeadh an duine ’ bheith a’ sáiseamh riachtanas an ríomhaire nú an chóir an ríomhaire ’ bheith a’ sáiseamh riachtanas an duine? Do réir a bhfuil curtha i scríbhinn ag á lucht forbartha féinig, brúann OpenBSD tímpeallacht oibriúcháin a bhrúann Béarla Mheirice agus cleachtais comhthiomsaithe is tomhais na Stát Aontaithe. Go deimhin, is deocair a fhiscint conas go bhféatfaí aidhmeanna na hoibire reatha ’ bhaint amach i ngort OpenBSD.

Comhthéacs: saol na teicneolaíochta faisnéise tɼí chéile

Ní foláir dom an ceart a thabhairt do phobail *BSD: ní dímheas suibiachtúil ach cúiseanna teicniúla bunús na dtuairimí diúlthacha thuasluaite. Cé go bhféatfaí cás a dhéanamh go léiríd siad dearcadh cúng teangeolaíoch, mí mór a aithint go léiríonn Béarlóirí aonteangacha i gcúinní eile de ghort na ríomhaireachta an dearcadh céanna ar uairibh. Agus ní iomlán saor ó dhímheas a bhíonn an dearcadh soin i gcónaí. Cuir i gcás na samplaí seo:

The way to add an additional language to the [Microsoft Office] proofing tools is to purchase and install a language pack… Some Language Interface Packs [me féin do chuir fé bhéim] are free, but they are offered only for "exotic" languages for which there is not a language pack. (Barnhill, 2013).
Chun an ráiteais seo ’ chur i gcomhthéacs shampla dháiríre: is deocair a thuiscint, do réir aon tslat oibiachtúil tomhais, cad ina thaobh gur teanga exotic í An Ioruais — ná fuil ar fáil di ach Language Interface Pack (Microsoft Corporation, 2017) — ach nách teanga exotic í An Íoslainnis — go bhfuil Language Pack ar fáil di sin (Microsoft Corporation, 2017).
If you simply want pretty URLs in your language… (Earl, 2009).
Graiféim de chuid teangacha nách Béarla Mheirice iad dá dtuiscint mar mhaisiúcháin aeistéitice, beag beann — nú gan aon bheann — ar a’ dtionachar athá acu ar bhrí shéimeántach: cas versus cás, oide versus oiḋe agus mar sin de…

Obaiɼ ullmhúcháin

Suitáil FɼeeBSD

Do chuireas ásca tástála FreeBSD ar ríomhaire glúine Dell Latitude E5530 do réir an próiseas suitála so ’ leanas:

Meán suitála
Chruthnaíos é seo ar DVD, de chomhad oifigiúil ISO FreeBDS 11.1 amd64.
Roghanna suitála
United Kingdom ISO-8859-1 mar thiománaí consóil an chórais. (Chun go gcumasóifí an mapa méarchláir is gaire is a fhéatfaí do mhapa méarchláir Éireannach.)
An Úróip mar réigiún.
Éire mar thír.
Úsáideoirí breise
Níor chruthnaíos úsáideoir ar bith.
Mar root a dineadh an obair go léir.

Tar éis críochnú an tsuitála agus athosnú na meaisíne, do thugas FreeBSD chun dáta le:

freebsd-update fetch && freebsd-update install && shutdown -r +0

Tar éis an athosnaithe, shuitálas eagarthóir téacsa Vim le:

pkg update && pkg upgrade && pkg install vim && shutdown -r +0

Tar éis an athosnaithe, do chuireas ar chumas na meaisíne meáin sheachtarach a ghléasadh uaithi féin. Mar chuid de seo, chuireas an líne seo ’ leanas leis an gcomhad /etc/auto_master:

/media        -media        -nosuid,noatime,-L=ga_IE.UTF‑8

Tá gá leis seo chun an chórais a chur ar a chumas carachtair UTF‑8 a láimhseáil in ainmneacha comhad agus comhadlann ar meáin uathghléasta. hamhlaidh go roibh logcaighdeán ga_IE.UTF‑8 ag an gcóras um an dtaca so gan dabht; pleanáil ar aghaidh ab ea é seo.

Ansoin, ritheas iad so ’ leanas:

freebsd‑version
Ais-seolann sé seo uimhir leagain an chórais oibriúcháin.
11.1-RELEASE-p8 a bhí ann.
ls ‑hl
Ais-seolann sé seo liosta na gcomhad is na gcomhadlann athá sa chomhadlann reatha.
I mBéarla ar fad a bhí aschur an ordaithe seo, fé mar a bheifí a’ súil leis.
Ritheas é seo ar chipín cuimhne uathghléasta leis. Do bhí comhaid agus comhadlanna tástála air seo, go roibh carachtair neamh-ASCII ina gcuid ainmneacha: gutaí fada, cúnsanaí buailthe, et Thireonach, agus s is r go bhfuil eireabaill fhada orthu. Liostáladh na comhaid agus comhadlanna so go léir ach ní roibh an córas i gcumas na carachtair seo ’ láimhseáil i gceart. Comharthaí ceiste a tiospeánadh ’na n‑inead.
locale
Ais-seolann sé seo mionsonraí mar leis an logcaighdeán reatha.
Ais-seoladh LANG agus LC_ALL gan luach. C an luach a bhí age gach mír eile: LC_COLLATE, LC_CTYPE, LC_MESSAGES, LC_MONETARY, LC_NUMERIC agus LC_TIME.
locale ‑a
Ais-seolann sé seo liosta na logcaighdeán go léir athá ar fáil ar an gcóras.
Ní roibh ga_IE.UTF‑8 i measc mhíreanna ’n liosta so.
Do bhí en_IE.UTF‑8 air, áfaigh.
Abhar súntais é seo. Tugann sé le fios go gcuireann FreeBSD logcaighdeán ar fáil i gcomhair Béarla/Éire/UTF‑8, cé ná tugann an script suitála cuireadh chun é ’ roghnú.

Gléasadh an chonsóil

Tá feidhm thiománaí consóil thraidisiúnta FreeBSD (syscons) gann i bhfeidhmiúlachtaí nua-aimseartha áirithe agus tá feidhmiúlacht UTF‑8 ina measc (vt(4) (previously known as Newcons), 2015). Forbraíodh tiománaí consóil nua, vt, chun dul i ngleic leis seo.

Chun syscons a dhí-chumasú go buan i bhfabhar vt, do chuireas an líne seo ’ leanas leis an gcomhad /boot/loader.conf:

kern.vty=vt

Agus d’athosnaíos an mheaisín le:

shutdown -r +0

Agus an méid seo déanta, do bhí an t‑ásca tástála FreeBSD i riocht cuí chun go bhféatfaí dul ar aghaidh.

An tIniúchadh aɼ na bunfheidhmiúlachtaí

1. Logcaighdeán

Tá neart faisnéise bunúsaí i gcáipéasaíocht FreeBSD mar gheall ar logcaighdeáin ach do theip orm a theacht ar faisnéis mhionsonraithe ar a gcruthnú is ar a mionathrú. D’aimsíos roinnt faisnéise ar an abhar ar leathanaigh láimhleabhair OpenBSD (OpenBSD, gan dáta b) áfaigh. Chuas ina muinín seo, is i muinín mo chuid seiftiúlachta féinig, don ghné seo den iniúchadh.

In /usr/share/locale/ sa chomhadchóras atháid na comhaid a áscaíonn logcaighdeáin i bhFreeBSD lonnaithe. Ag teacht le haschur locale -a, fuarthas comhadlann darb ainm en_IE.UTF‑8 sa suíomh soin. (Aimsíodh an chomhadlann chéanna sa suíomh chéanna i gcás TrueOS, leis. Níor aimsíodh a lithéid de ga_IE.UTF‑8 ann áfaigh.)

Shocaraíos ar logcaighdeán ga_IE.UTF‑8 a chruthnú, is é bunaithe ar logcaighdeán en_IE.UTF‑8, á dheimhniú ná hathróifí ach a luíod is a theastaigh chun logcaighdeán iomlán, dlistineach nua ’ bheith ann dá thoradh. Chuige sin, do chóipeálas an chomhadlann en_IE.UTF‑8 go hathúrsach go comhadlann darb ainm ga_IE.UTF‑8 sa suíomh chéanna le:

cp -a /usr/share/locale/en_IE.UTF‑8 /usr/share/locale/ga_IE.UTF‑8

Scrúdaíos a roibh sa chomhadlann ga_IE.UTF‑8 agus d’aimsíos na míreanna seo ’ leanas:

LC_COLLATE
Neasc siombalach go /usr/share/locale/en_US.UTF‑8/LC_COLLATE (comhad dénártha) is ea é seo.
Intended to affect collation order. It may for example affect alphabetic sorting, regular expressions including equivalence classes… (OpenBSD, gan dáta b).
D’fhéatfadh sé ’ bheith amhlaidh go gcuirfeadh sé seo as do shíneadh amach sonraí i nGaelainn — mar le sórtáil aibítreach mar shampla.
Caithfar an fheidhmiúlacht chomhbhainteach a fhaire le línn tástála fad-téarmaí ach d’fhágas gan athrú go fóill an mhír seo.
LC_CTYPE
Neasc siombalach go /usr/share/locale/en_US.UTF‑8/LC_CTYPE (comhad dénártha) is ea é seo.
Intended to affect character encoding, character classification, and case conversion… (OpenBSD, gan dáta b).
D’fhéatfadh sé ’ bheith amhlaidh go gcuirfeadh sé seo as do shíneadh amach sonraí i nGaelainn leis — mar le athrú cáis go háirithe.
Caithfar an fheidhmiúlacht chomhbhainteach a fhaire le línn tástála fad-téarmaí ach d’fhágas gan athrú go fóill an mhír seo.
LC_MESSAGES
Neasc siombalach go /usr/share/locale/en_US.UTF‑8/LC_MESSAGES (comhad lomthéacsa) is ea é seo.
Intended to affect the output of informative and diagnostic messages and the interpretation of interactive responses, in particular regarding the language.… (OpenBSD, gan dáta b).
Freagraí córais dearfacha is diúlthacha ’tá sa mám bheag patrún ins an sprioc-comhad: Yes, No agus mar sin de…
Ba chóir aistriúcháin a réiteach dos na patrúin seo, is iad a shábháil i gcomhad téacsa darb ainm LC_MESSAGES, in inead an neaisc shiombalaigh. Ní foláir dom tuiscint chruínn d’fháil ar struchtúr agus ar chomhréir an chomhaid ar dtúis, áfaigh. Ba deocra ’ theacht ar an eolas chuí ná mar a bhíos a’ súil leis agus, dá dheascaibh sin, d’fhágas gan athrú go fóill an mhír seo. Fíllfead uirthi amach san aimsir.
LC_MONETARY
Comhad lomthéacsa is ea é seo.
Intended to affect monetary formatting. (OpenBSD, gan dáta b).
Ní fhicim aon chúis go gcuirfeadh sé seo as d’fheidhmiúlacht córais i gcomhthéacs na Gaelainne.
Agus ní fhicim éinní ann a bheadh le haistriú chun é ’ chur in oiriúint do thímpeallacht ga_IE.UTF‑8.
D’fhágas gan athrú é.
LC_NUMERIC
Neasc siombalach go /usr/share/locale/en_US.UTF‑8/LC_NUMERIC (comhad lomthéacsa) is ea é seo.
Intended to affect numeric, non-monetary formatting, for example the radix character and thousands separators… (OpenBSD, gan dáta b).
Ní fhicim aon chúis go gcuirfeadh sé seo as d’fheidhmiúlacht córais i gcomhthéacs na Gaelainne.
Ní fhicim éinní ann a bheadh le haistriú ach an oiread.
D’fhágas gan athrú é.
LC_TIME
Comhad lomthéacsa is ea é seo.
Intended to affect date and time formats… (OpenBSD, gan dáta b).
Dob éigean roinnt bheag des na patrúin gearra ’ bhí anso d’aistriú: ainmneacha laethanta is míonna, agus giorrúcain díobh.
Do chuireas na haistriúcháin seo i gcrí.

D’fhonn an logcaighdeán nua so ’ chumasú ar an gcóras go buan is go huilíoch, dob éigean an comhad /etc/login.conf a mhionathrú. Do mhéadaíos an liosta ’tá ann fén gceanntasc default:\ mar seo ’ leanas:

…míreanna ’ bhí ann cheana…
:charset=UTF‑8:\
:lang=ga_IE.UTF‑8:

Ach is amhlaidh go bhféatfadh feidhmchláir áirithe ’ bheith ag súil leis na sonraí seo i suímh eile (Reid, 2017). Dá réir seo, do chuireas na línte seo ’ leanas leis an gcomhad /etc/profile:

LANG=ga_IE.UTF‑8; export LANG
CHARSET=UTF‑8;    export CHARSET

Chuireas na hathruithe ’ dineadh ar /etc/login.conf i gcrí le:

cap_mkdb /etc/login.conf

Agus chun a dheimhniú go gcuirfí gach athrú i gcrí, d’athosnaíos an córas le:

shutdown -r +0

Agus an mheaisín atosnaithe, ritheas iad so ’ leanas:

ls ‑hl
Bhí mo chuid patrún logánaithe le fiscint in aschur an ordaithe seo anois.
Ritheas an t‑ordú so arís ar chipín cuimhne uathghléasta, agus comhaid is comhadlanna air go roibh gutaí fada, cúnsanaí buailthe ⁊rl… ina gcuid ainmneacha. Do bhí toradh ní ab fhearr ar an liostáil an uair seo. Tiospeánadh roinnt mhaith des na carachtair neamh-ASCII seo do réir mar is ceart: na gutaí fada go léir agus c is g bhuailthe, idir chás íochtair is cás uachtair. An carachtar ‘ní bhfuarthas an ghlif’ (seochas comhartha ceiste) a tiospeánadh in inead gach carachtair neamh-ASCII eile; rod a thugann le fios go roibh an córas i gcumas iad a aithint ach ná roibh glifeanna cuí sa chló consóil chun iad a léiriú.
locale
ga_IE.UTF‑8 an luach a ais-seoladh i gcomhair gach míre ach LC_ALL=, ná roibh aon luach aici.
date
Bhí mo chuid patrún logánaithe le fiscint ina aschur so leis.
Vim
Do bhí patrúin Gaelainne le fiscint i dteachtaireachtaí consóil an ríomhchláir seo anois.
patrúin dem chuid‑se ’ bhí ann áfaigh.
Is deallraitheach gur suitáladh logánuithe dá cuid féinig nuair a suitáladh Vim, ach nár cumasíodh an logánú Gaelainne go dtí gur cumasaíodh logcaighdeán cuí.

2. An mapa méaɼchláiɼ

Eochairmhapa a ghlaotar ar an gcóir bogearra a riarann iúmpar eochracha mhéarchlár an ríomhaire. I riocht comhad eochairmhapa, comhad lomthéacsa go bhfuil an iarmhír .kbd orthu, is ea a bhíonn eochairmhapaí chonsóil vt. Táid na comhaid seo lonnaithe i gcraobh /usr/share/vt/keymaps den gcrann chomhadlann agus tá líon maith acu ann. Tá trí cinn d’eochairmhapaí don Ríocht Aontaithe ina measc agus ceann acu so, uk.kbd, is ea a cumasaíodh le línn na suitála, de thoradh roghnú United Kingdom ISO-8859-1 mar thiománaí consóil an chórais. Níl eochairmhapa Éireannach d’aon tsaghas ann.

An méaɼchláɼ Gaelainne aɼ Ubuntu ⁊ aɼ TrueOS

Cuireann Ubuntu, idir an leagan freastalaí agus an leagan deisce, líon eochairmhapaí Gaelainne ar fáil. Tá a lithéid ar fáil i leagan deisce TrueOS leis, ach nílid siad mar chuid dá leagan freastalaí. Scrúdaíos na córais oibriúcháin seo — TrueOS go háirithe — go bhfice me conas go riartar eochairmhapaí orthu soin. Is amhlaidh go bhfuil an dá chóras oibriúcháin i muinín an chomhaid eochairmhapa chéanna, a scrígh Séamus Ó Ciardhuain i gcomhair freastalaí tiospeána X.Org. Seasaíonn mapáil an Chiardhuainigh le carachtair riachtanacha de chuid ortaghrafaíochtaí reatha agus traidisiúnta na Gaelainne, mar aon le carachtair de chuid aibítir Oghaim. Baineann an mhapáil seo úsáid as Alt Gr mar eochair mhionathraithe is mar eochair mharbh agus, i gcásanna áirithe, úsáidtar Iomlaoid agus Caps Lock mar eochracha mionathraithe tánaisteacha.

I gcás leagan deisce Ubuntu, tá an comhad eochairmhapa so, go bhfuil an chomhadainm ie air, lonnaithe i gcraobh /usr/share/X11/xkb/symbols den gcrann comhadlann. I gcás leagan freastalaí Ubuntu, ná fuil comheadan grafach aige agus ná fuil i ngátar X.Org dá bhrí sin, is ann don gcraobh so i gcónaí, agus don gcomhad ie ach hann do chraobhacha áirithe eile a fhásann as /usr/share/X11 sa leagan deisce. Tugann sé seo le fios go bhfuil fo-thacar de chomhbhaíll X.Org suite ar fhreastalaí Ubuntu d’fhonn feidhmiúlachtaí áirithe ’ sholáthar, agus go bhfuil réimse idirnáisiúnta eochairmhapaí ’na measc so.

I gcás TrueOS, tá an comhad eochairmhapa ie lonnaithe i /usr/local/share/X11/xkb/symbols sa leagan deisce. Ní hann don gcomhadlann /usr/local/share/X11 in ao’ chor sa leagan freastalaí, áfaigh, agus ní rabhthas i gcumas an comhad ie a aimsiú in aon suíomh eile.

Eochaiɼmhapa dúchais Gaelainne do FreeBSD (vt)

Tá formáid chomhad eochairmhapa X.Org nea’chomhoiriúnach le formáid chomhad eochairmhapa vt. Dá réir sin, ní roibh de rogha agam ach eochairmhapa nua dúchais vt, a dhéanfadh athrais ar mhapáil an Chiardhuainigh, a shíneadh amach. Tá ana-chiall leis an gcur chuige seo: isí an mhapáil athá in úsáid in Ubuntu is i dTrueOS cheana agus is uirthi go bhfuil taithí age lucht *nix d’úsáid. Mar sin féin, shocaraíos ar an ngné Oghaim d’fhágaint ar lár san oibair reatha. Aonad nadúrtha loighciúil is ea ortaghrafaíochtaí reatha is traidisiúnta na Gaelainne ach seasaíonn Ogham mar aonad loighciúil ar leithligh dar liom. Cuirim romham eochairmhapa don aibítir sin a fhorbairt amach san aimsir.

Mheasas go mba mhaith an cur chuige fo-thacar de mhapáil an Chiardhuainigh, ná fuil ann ach na carachtair Gaelainne amháin, a fhorleagaint ar mhapáil na Ríochta Aontaithe i vt, is gan aon ghné eile den mhapáil sin d’athrú. Chruthnóifí dá thoradh leanúnachas is comhsheasmhacht le mapáil ortaghrafaíochtaí na Gaelainne in Ubuntu/Linux, i dTrueOS agus i bhFreeBSD, ach gan cleachtais dhúchais X.Org is Linux a bhrú ar vt / FreeBSD gan ghá. Do cheadaíos dhá eisceacht don socarú so:

Do bhogas mapáil charachtair an Eúró ón áit bhunaidh athá aige i vt
Ó Alt Gr + e go Alt Gr + 4 a bogadh.
Do shocaraíos air seo chun go mbeadh sí ag teacht le mapálacha X.Org, Ubuntu, TrueOS agus Windows féin.
Chuireas suas mapáil don bhfleiscín nea'bhriseach
Iomlaoid + Alt Gr + spásbarra an mhapáil a roghnaíos.
Mapáil nua dem chuid féinig í seo.
Mheasas gurbh fhiú í ’ chur suas toisc an carachtar ’ bheith an-úsáideach i scrí leictreonach na Gaelainne: cuir i gcás na rémíreanna n‑ agus t‑.
Roghnaíos an mhapáil seo chun go mbeadh sí ag teacht le mapáil an spáis nea'bhrisigh: Alt Gr + spásbarra. Ní roibh éinní mapáltha d’Iomlaoid + Alt Gr + spásbarra cheana agus níor cailleadh aon mhapáil carachtair eile dá dheascaibh.
Cɼuthnú ⁊ cláɼú an chomhaid eochaiɼmhapa

Chun an eochairmhapa Éireannach do chumadh, do bhaineas comhad eochairmhapa nua as eochairmhapa na Ríochta Aontaithe, á shábháilth i bhfochair na gcomhad eochairmhapa eile. Chruthnaíos an comhad so le:

kbdcontrol -d > /usr/share/vt/keymaps/ie.basic.acc.kbd
D’fhonn cloí le cleachtais ainmniúcháin FreeBSD a chuireas .acc ins an comhadainm.
Tá roinnt mhaith eochracha marbha / eochracha aicinn i mapáil an Chiardhuainigh.
Tugann an mhír seo le fios gur eochairmhapa é go bhfuil a lithéid ann (Esser, 2014).
Le bheith fadsaolach a chuireas .basic ins an comhadainm.
Tugann sé seo roghanna mar le hainmniú eochairmhapaí gaoltha amach san aimsir.
Athrais dhílis, iomlán ar mhapáil an Chiardhuanaigh an sprioc a bhí agam i dtosàch báire ach níor rith liom feidhm do bhaint as formhuar na n‑eochracha marbha i vt le línn luath-iarrachtaí chun an eochairmhapa ’ shíneadh amach.
Dá dheascaibh seo, shocaraíos ar eochairmhapa luíodaithe ’ chruthnú, ná fuil ann ach fo-thacar bunriachtanach de mhapáil X.Org: na heochracha mionathraithe go léir agus eochracha marbha i gcomhair na graife.
Soláthraíonn an eochairmhapa luíodaithe gach a bhfuil a’ teastáil chun na Gaelainne a scrí, sna ortaghrafaíochtí traidisiúnta agus reatha araon.
Seasaíonn sé le Gaelainn na hAlban leis, de thairbhe an ghraif ’ bheith ar fáil ann.
Dá réir seo go léir:
  • ie.full.acc.kbd athá ar an athrais iomlán. Tá sé seo críochnaithe ach is lochtach í a feidhm. Ní leanfad lena fhorbairt mar chuid den obair reatha ach cuirim romham filleadh air amach anso.
  • ie.basic.acc.kbd athá ar an eochairmhapa luíodaithe. Air seo ’tá fócas na hoibire reatha.
  • ie.ogham.acc.kbd a bheidh ar an eochairmhapa athá le cruthnú amach anso, chun méarchlár Oghaim a chur ar fáil.

Agus ie.basic.acc.kbd agam cruthnaithe, do chuireas an tagairt seo ’ leanas dò sa chomhad innéacsa INDEX.keymaps, atá lonnaithe ag /usr/share/vt/keymaps:

ie.acc.kbd:en:Ireland (accent keys)

Lonnaíos an líne seo díreach lastuas den líne:

it.kbd:en:Italian

Agus an méid seo déanta, d’athosnaíos an mheaisín le:

shutdown -r +0

Tugtar fé ndeara gur mapáil neamhathraithe do mhéarchláir na Ríochta Aontaithe a bhí sa chomhad so i gcónaí um an dtaca so.

Síneadh amach na mapála Gaelainne in ie.basic.acc.kbd

Sid iad na céimeanna ’ leanas chun mapáil ie.basic.acc.kbd ’ mhionathrú, á chur in oiriúint mar eochairmhapa don Ghaelainn.

Táblú mhapáil Uí Ciaɼdhuain X.Org

Do thástálas gach ceann de mhapálacha X.Org don Ghaelainn (Cló Gaelach), ina gceann is ’na gceann, eochair ar eochair, ar mheaisín go roibh leagan deisce Ubuntú suite uirthi agus chuireas na torthaí ar taifead (Aguisín 1).

Staidéaɼ aɼ foɼmáid ⁊ aɼ fheidhm chomhad .kbd.

D’fhonn tuiscint d’fháil ar fhormáid chomhad eochairmhapa vt, scrúdaíos na comhaid uk.kbd is fr.acc.kbd agus dhineas staidéar ar a’ bhfaisnéis athá tabhartha i gKBD(4x) (gan dáta), i gKBCONTROL(1) (gan dáta) is i gKBDMAP(5) (gan dáta). Ba léir an fhormáid seo ’ bheith ana-ghlan agus ana-shímplí. Níl i gcomhad .kbd ach comhad téacsa go bhfuil líne ann i gcomhair gach eochrach, agus míreanna ar leithligh inti seo, ceann i ndiaidh a chéile (mar a bheadh na línte roinnte i gcolúnaibh), a thagraíonn d’fheidhm na heochrach nuair a bhrútar í léi féinig nó nuair a bhrútar í i bhfochair eochracha mionathraithe éagsúla. Seo coda de uk.kbd mar léiriú ar shíneadh amach na formáide:

# scan                       cntrl          alt    alt   cntrl lock
# code  base   shift  cntrl  shift  alt    shift  cntrl  shift state
# ------------------------------------------------------------------
  000   nop    nop    nop    nop    nop    nop    nop    nop     O
  001   esc    esc    esc    esc    esc    esc    debug  esc     O
  002   '1'    '!'    nop    nop    '`'    '`'    nop    nop     O
  003   '2'    '"'    nul    nul    '@'    '@'    nul    nul     O
  005   '4'    '$'    0xa4   0xa4   '4'    '$'    nop    nop     O
  008   '7'    '&'    nop    nop    '['    '['    esc    esc     O
  018   'e'    'E'    enq    enq    0x20ac 'E'    enq    enq     C
  019   'r'    'R'    dc2    dc2    'r'    'R'    dc2    dc2     C
  030   'a'    'A'    soh    soh    'a'    'A'    soh    soh     C
  031   's'    'S'    dc3    dc3    's'    'S'    dc3    dc3     C
  044   'z'    'Z'    sub    sub    'z'    'Z'    sub    sub     C
  086   '\'    '|'    fs     fs     '\'    '|'    fs     fs      O

Tugtar aird ar na míreanna ’tá márcáltha le dath uaithne. Beifar a’ tagairt dóibh seo ar ball beag. Cód Unicode i gcomhair an chomartha Eúró (€) is ea 0x20ac.

Foɼleagaint mhapáil a’ Chiaɼdhuanaigh

Tiospánann an léiriú so ’ leanas carachtair de chuid ortaghrafaíocht na Gaelainne curtha in inead a bhí i mapáil mhéarchlár na Ríochta Aontaithe. Thug tástálacha le fios nách féidir roinnt mhaith des na carachtar féinig a úsáid sa chomhad so agus d’úsdáideas cóid chomhbhainteacha Unicode ina n‑inead síos tríd chun na snaidhme seo ’ scaoileadh.

# scan                       cntrl          alt    alt   cntrl lock
# code  base   shift  cntrl  shift  alt    shift  cntrl  shift state
# ------------------------------------------------------------------
  000   nop    nop    nop    nop    nop    nop    nop    nop     O
  001   esc    esc    esc    esc    esc    esc    debug  esc     O
  002   '1'    '!'    nop    nop    161    185    nop    nop     O      (¡ agus ¹)
  003   '2'    '"'    nul    nul    8482   178    nul    nul     O      ( agus ²)
  005   '4'    '$'    0xa4   0xa4   162    8364   nop    nop     O      ( agus ¢)
  008   '7'    '&'    nop    nop    182    8266   esc    esc     O      ( agus )
  018   'e'    'E'    enq    enq    233    201    enq    enq     C      (é agus É)
  019   'r'    'R'    dc2    dc2    636    174    dc2    dc2     C      (ɼ agus ®)
  030   'a'    'A'    soh    soh    225    193    soh    soh     C      (á agus Á)
  031   's'    'S'    dc3    dc3    7777   7776   dc3    dc3     C      ( agus )
  044   'z'    'Z'    sub    sub    383    7835   sub    sub     C      (ſ agus )
  086   '\'    '|'    fs     fs     dgra   '|'    fs     fs      O
dgra '`'     ( 'a'    0xe0    ) ( 'A'    0xc0    ) ( 'e'    0xe8    ) ( 'E'    0xc8    )
             ( 'i'    0xec    ) ( 'I'    0xcc    ) ( 'o'    0xf2    ) ( 'O'    0xd2    )
             ( 'u'    0xf9    ) ( 'U'    0xd9    )

Cód malartach Unicode i gcomhair an chomartha Eúró (€) is ea 8364. D’úsáideas in inead 0x20ac é ar son na comhsheasmhachta.

‘Graif mharbh’ a chiallaíonn ‘dgraf’. Cuireann sé seo feidhm eochrach marbh le hAlt Gr + \, d’fhonn graif a chur ar peocu guta ’ iúntráilfí díreach ina diaidh.

Tástáil ie.basic.acc.kbd

Thástálas feidhm ie.basic.acc.kbd go dian agus níor aimsíos ach dhá locht:

An spás nea’bhriseach
Ní oibríonn an mhapáil seo (Alt Gr + spásbarra) in ao’ chor.
Cúis mhuar díomá is ea é seo. Tá an spás nea’bhriseach an-úsáideach i scrí leictreonach na Gaelainne. Cuir i gcás aonaid loighciúla ar nós sloínnte is a gcuid rémíreanna (Mac a’ Bhacaigh, Ó Rodaí, Ní Uallacháin, de Barra ⁊rl…)
Níl aon tseift agam fé láthair chun na deocrachta so ’ shárú.
Clónna vt agus glifeanna
Is amhlaidh go bhfuil clónna ‘dúchais’ vt gann i roinnt mhaith glifeanna riachtanacha d’fhonn carachtair de chuid na hortaghrafaíochta traidisiúnta ’ léiriú.
Tá et Thireonach (⁊), r fada (ɼ), s fada (ſ) agus formhuar na gcúnsanaí buailthe ina measc so.
locht ar an eochairmhapa é seo. Cuireann an eochairmhapa na carachtair ar fáil do réir mar is cuí. Pléifead an t‑easpa ’tá ar na clónna córais san iniúchadh ar chló an chomhéadain úsáideora, thíos.
Tástáil ie.full.acc.kbd

Cé ná fuilim chun tuilleadh forbartha ’ dhéanamh ar an eochairmhapa so go gcuire me dhíom an obair reatha, tá sé chomh maith torthaí an tástáil a dhineas air a chur síos anso.

  • Eochracha mionathraithe: do fuaras na torthaí ceannan céanna mar leo so is a fuaras i gcás ie.basic.acc.kbd.
  • Eochracha marbha na graife (i gcomhar le gutaí): d’oibríodar so go léir.
  • Eochracha marbha eile: níor oibrigh an chuid is mó acu so.
Eochɼacha marbha náɼ oibrigh i vt

Carachtar ar bith, an carachtar mí-cheart nú bíp inchloiste (ASCII 07?) a fuarthas dá dtoradh so. Na heochracha marbha nár oibrigh athá tabhartha sa tábla agus sa liosta seo ’ leanas. Tugtar fé ndeara go bhfuil tionachar age Caps Lock ar a gcuid feidhmiúlachta i gcásanna áirithe.

Eochracha marbha
Teaglaim Carachtar nodaireacht vt nodaireacht X.Org
Teaglaim Carachtar nodaireacht vt nodaireacht X.Org
Alt Gr + 6 cuairín marbh dcir dead_circumflex
Alt Gr + n tilde marbh dtil dead_tilde
Alt Gr + h  w púnnc lastuas marbh ddot dead_abovedot
Alt Gr + 8 iúnnlach marbh ddia dead_diaeresis
Alt Gr + k fáinne lastuas marbh drin dead_abovering
Shift + Alt Gr + \ sraithín marbh dced dead_cedilla
Alt Gr + v caron marbh dcar dead_caron
Alt Gr + 6
I gcomhar le: 0, 4, 5, 6, 7, 8, 9, - nú = (uimhriúla).
I gcomhar le: c, g, h, j, s, w, y nú z (agus Caps Lock as).
I gcomhar le: c, g, h, j, s, w, y nú z (agus Caps Lock air).
Alt Gr + n
I gcomhar le: =, e, y, u, i nú v (agus Caps Lock as).
I gcomhar le: =, e, y, u, i, o, a, v nú n (agus Caps Lock air).
Alt Gr + h  w
I gcomhar le: a, b, c, d, e, f, g, h, i, j, l, m, n, o, p, r, s, t, w, x, y nú z (agus Caps Lock as).
I gcomhar le: a, b, c, d, e, f, g, h, i, j, l, m, n, o, p, r, s, t, w, x, y nú z (agus Caps Lock air).
I gcomhar le: spásbarra (púnc lastuas cosnochtaithe).
Alt Gr + 8
I gcomhar le: h, t, w nú x (agus Caps Lock as).
I gcomhar le: h, t, w, x nú y (agus Caps Lock air).
Alt Gr + k
I gcomhar le: u w nú y (agus Caps Lock as).
I gcomhar le: u (agus Caps Lock air).
Shift + Alt Gr + \
I gcomhar le: d, e, g, h, k, l, n, r, s nú t (agus Caps Lock as).
I gcomhar le: d, e, g, h, k, l, n, r, s nú t (agus Caps Lock air).
Alt Gr + v
I gcomhar le: 0, 1, 2, 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, - nú = (uimhriúla).
I gcomhar le: a, c, d, e, g, h, i, j, k, l, n, o, r, s, t, u, v nú z (agus Caps Lock as).
I gcomhar le: a, c, d, e, g, h, i, j, k, l, n, o, r, s, t, u, v nú z (agus Caps Lock air).
I gcomhar le: spásbarra (caron cosnochtaithe).
Nótaí aɼ Alt Gɼ + h nú w ⁊ aɼ Alt Gɼ + v
  • Iad so an t‑aon dá eochair mharbh nár oibrigh i gcomhar le haon eochair leanúna.
  • I mapáil an Chiardhuanaigh (tástáltha ar Ubuntu), ní púnc lastuas a chuirtar leis na carachtair seo ’ leanas nuair a iúntrálthar iad i gcomhar le Alt Gr + h / Alt Gr + w:
    An carachtar i (Caps Lock as)
    Mionlitir Ladine i gan phúnnc (ı) an t‑aschur.
    An carachtar i (Caps Lock air)
    Ceannlitir Ladine i, agus púnnc lastuas air (İ) an t‑aschur.
    An carachtar j (Caps Lock as)
    Mionlitir Ladine j gan phúnnc (ȷ) an t‑aschur.
    An carachtar j (Caps Lock air)
    Aschur ar bith.
    An carachtar l (Caps Lock as)
    Mionlitir Ladine l, agus púnnc meánach uirthi (ŀ) an t‑aschur.
    An carachtar l (Caps Lock air)
    Ceannlitir Ladine l, agus púnnc meánach uirthi (Ŀ) an t‑aschur.
  • I mapáil an Chiardhuanaigh (tástáltha ar Ubuntu), ní caron a chuirtar leis an gcarachtar seo leanas nuair a iúntrálthar é i gcomhar le Alt Gr + v:
    v (agus Caps Lock as)
    Mionlitir Ladine u, agus iúnnlach is caron uirthi (ǚ) an t‑aschur.
    v (agus Caps Lock air)
    Ceannlitir Ladine u, agus iúnnlach is caron uirthi (Ǚ) an t‑aschur.

3. Logánú an chomhéadain úsáideoɼa

Tionscadal fé leith is ea loganú aon bhogearra, gan trácht ar chóras oibriúcháin; rod gur tacar chomhbhall bogearra i bhfál a chéile é. Shocaraíos ar an ngné seo den ndeocracht a fhágaint as an obair reatha.

4. Cló an chomhéadain úsáideoɼa

Mar a luas ní ba thúisce, is deallraitheach go bhfuilid na clónna dúchais athá ar fáil do vt in éaghmais glifeanna i gcomhar roinnt mhaith des na carachtar a sholáthraíonn an comhad eochairmhapa ie.basic.acc.kbd. Nuair ’ iúntráladh na carachtair sin le línn na tástála, níor nocht ar an scáileán ach an boiscín ‘ní bhfuarthas an ghlif’ nú spás lom; a’ braith ar an gcló a cumasaíodh. Tá liosta na gcarachtar ’tá buailthe ag an ngátar so in Aguisín 2.

Chun a dheimhniú gur easpa ’ bhí ar na clónna, seochas gur locht a bhí ar an gcomhad eochairmhapa, do shocaraíos ar triail a bhaint as an gcló GNU Unifont a shuitáil i vt ar an meaisín tástála. Roghnaíos an cló soin toisc na glifeanna cuí ’ bheith aige: [GNU Unifont contains] glyphs for every printable code point in the Unicode 10.0 Basic Multilingual Plane… (GNU Unifont Glyphs, gan dáta).

D’íoschóipeálas cóip de GNU Unifont i bhformáid .bdf agus, do réir treoir athá tabhartha i vt(4) (previously known as Newcons) (2015), do bhaineas as comhad cló sa bhformáid .fnt, de shaghas athá comhoiriúnach le vt, le:

vtfontcvt -w 8 -h 16 unifont-10.0.07.bdf uni-u16.fnt

Bhogas an chomhaid .fnt go dtí an suíomh cuí le:

mv uni-u16.fnt /usr/share/vt/fonts/

Mhionathraíos a chuid ceadaithe, chun go mbeidís a’ teacht le ceadaithe na gcomhad cló eile, le:

chmod 444 /usr/share/vt/fonts/uni-u16.fnt

Dhineas an cló ’ chumasú le:

vidcontrol -f uni-u16.fnt

Agus do dhineas mo chuid tástálacha arís. Nocht gach carachtar seochas an spás nea’bhriseach ar an scáileán go foirife.

5. Ionchódú UTF‑8 i gcomhaid téacsa

Ais-seolann locale ‑a roinnt mhaith logcaighdeán den bhfoirm *.UTF‑8. Deir cáipéasaíocht de chuid An Tionscadail FreeBSD (vt(4) (previously known as Newcons), gan dáta) go seasaíonn FreeBSD le hionchódú UTF‑8 ach an tiománaí consóil vt ’ bheith cumasaithe. Dá réir seo, níl aon dabht ach go sáisíonn FreeBSD dúchasach an riachtanas so. Mar sin féin, mheasas nárbh aon dochair an fheidhm seo ’ thastáil, toisc gur logcaighdeán neamhoifigiúil é an logcaighdeán ga_IE a bhí agam in úsáid.

Comhaid a cɼuthnaíodh i gcóɼais oibriúcháin eile

Chun é seo ’ thástáil, do chruthnaíos comhad téacsa darb ainm utf-8(1).txt, i Vim, ar mheaisín Ubuntu go roibh ga_IE gléasta mar logcaighdeán uirthi.

  • Chuireas an téacs athá tabhartha in Aguisín 3 leis an gcomhad so agus shábhálas é ar chipín cuimhne a formáideadh le FAT32.
  • Do bhaineas an cipín den mheaisín Ubuntu agus phlugálas isteach é sa mheaisín tástála FreeBSD, a ghléas uaithi féinig é.
  • D’osclaíos an comhad i Vim ar an mheaisín sin. Nocht gach carachtar go foirife.
  • D’iúntrálas an téacs tastála arís ag deire ’n chomhaid, shábhálas na hathruithe agus scuras Vim.
  • Do bhaineas an cipín den mheaisín tástála FreeBSD agus dhineas é ’ ghléasadh ar an mheaisín Ubuntu.
  • D’osclaíos an comhad i Vim ar an mheaisín sin. Nocht gach carachtar go foirife, idir iad a iúntráladh in Ubuntu is iad a iúntráladh i bhFreeBSD.

Comhaid a cɼuthnaíodh i bhFɼeeBSD

Chun é seo ’ thástáil, do chruthnaíos comhad téacsa darb ainm utf-8(2).txt i Vim ar an meaisín tástála FreeBSD agus leanas na céimeanna ceanann céanna ach ina malairt slí. Nocht gach carachtar go foirife.

6. Caɼachtaiɼ aibítiɼeacha na Gaelainne in ainmneacha comhad ⁊ comhadlann

D’úsáideas an cur chuige tástála ginearáltha céanna chun na feidhmiúlachta so ’ thástáil.

Comhadlanna ⁊ comhaid a cɼuthnaíodh i gcóɼais oibɼiúcháin eile

In Ubuntu:

  • Do chruthnaíos comhadlann tástála le mkdir ÁÉÍÓÚáéíóú.dir.
  • Do chruthnaíos comhad tástála istigh inti le touch ÁÉÍÓÚáéíóú.txt.
  • Do chruthnaíos comhadlann tástála eile le mkdir ḂĊḊḞĠṀṖṠṪḃċḋḟġṁṗṡṫſẛɼ⁊.dir.
  • Do chruthnaíos comhad tástála eile istigh inti sin le touch ḂĊḊḞĠṀṖṠṪḃċḋḟġṁṗṡṫſẛɼ⁊.txt.
  • Chuireas an téacs tástála (Aguisín 3) leis an dá chomhad téacsa.

Shábhálas iad so ar an gcipín cuimhne agus d’aistríos é sin go dtí an mheaisín tástála FreeBSD, a ghléas uaithi féinig é. D’athainmníos iad le:

  • mv ÁÉÍÓÚáéíóú.dir úóíéáÚÓÍÉÁ.dir.
  • mv ÁÉÍÓÚáéíóú.txt úóíéáÚÓÍÉÁ.txt.
  • mv ḂĊḊḞĠṀṖṠṪḃċḋḟġṁṗṡṫſẛɼ⁊.dir ⁊ɼẛſṫṡṗṁġḟḋċḃṪṠṖṀĠḞḊĊḂ.dir.
  • mv ḂĊḊḞĠṀṖṠṪḃċḋḟġṁṗṡṫſẛɼ⁊.txt ⁊ɼẛſṫṡṗṁġḟḋċḃṪṠṖṀĠḞḊĊḂ.txt.

D’aistríos an cipín thar n‑ais go dtí an mheaisín Ubuntu. Liostálas na comhadlanna is na comhaid le ls -hl agus d’osclaíos na comhaid i Vim chun an téacs a bhí iontu a dheimhniú. Níor tugadh aon deocracht fé ndeara.

Comhadlanna ⁊ comhaid a cɼuthnaíodh i bhFɼeeBSD

Chun é seo ’ thástáil, do leanas na céimeanna ceanann céanna arís ach ina malairt slí: cruthnaíodh an t‑abhar tastála ar an meaisín FreeBSD, do dineadh na hathruithe ar an meaisín Ubuntu agus do scrúdaíodh iad soin ar an meaisín FreeBSD. Níor tugadh aon deocracht fé ndeara.

Conclúid

Logcaighdeán

I dtosàch na hoibire seo, d’aithníos logcaighdeán ga_IE.UTF‑8 mar fheidhm riachtanach. Fuaras amach ná fuil a lithéid de logcaighdeán dúchais age FreeBSD, cé go bhfuil en_IE.UTF‑8 aige. (Fuaras amach nách foláir an tiománaí consóil vt a chumasú d’fhonn feidhm ga_IE.UTF‑8 a fháil sa chonsól leis, ach is furast é sin a dhéanamh.)

Chun dul i ngleic leis an easpa so, shíneas féin amach logcaighdeán ga_IE.UTF‑8, á bhunú ar en_IE.UTF‑8. Do thug tástálacha le fios go nglacann FreeBSD leis seo agus gur féidir le feidhmchláir sheachtaracha é ’ aithint. Tá sé in aigine agam leanúint lena thástáil agus tuilleadh staidéir a dhéanamh mar le logánú a chomhbhaíll, LC_MESSAGES.

Is amhlaidh, mar sin, ná cuireann FreeBSD cosnochtaithe an fheidhm riachtanach a aithníodh ar fáil ach gur féidir é ’ chur leis mar oiriúnú, is gan de locht air seo ach aon rod nea’thromchúiseach amháin.

Mapa méaɼchláiɼ

I dtosàch na hoibire seo, d’aithníos mar fheidhm riachtanach mapa méarchláir a chuireann gach carachtar téacsa de chuid ortaghrafaíocht reatha na Gaelainne ar fáil. Ina theannta soin, d’aithníos soláthar carachtar téacsa go léir na hortaghrafaíochta traidisiúnta mar fheidhm inmhianaithe. Fuaras amach ná fuil ceachtar acu soin age FreeBSD.

Chun dul i ngleic leis seo, shíneas amach comhad eochairmhapa shaibhir, ie.full.acc.kbd, a dhéanann athrais dhílis ar an mapáil Éireannach athá ar fáil in X.Org agus athá, dá réir, ar fáil go sadhráideach d’úsáideoirí Linux agus TrueOS. Do bhunaíos an comhad so ar uk.kbd, eochairmhapa do Bhéarla na Ríochta Aontaithe. Soláthraíonn ie.full.acc.kbd an fheidhm riachtanach agus an fheidhm inmhianaithe araon. Mar sin féin, is amhlaidh, ar chúis nách dtuigim fós, ná hoibríonn roinnt mhaith dá chuid eochracha marbha i vt.

Mar rogha eile, do shíneas amach comhad eochairmhapa ‘luíodaithe’, ie.basic.acc.kbd, a sholáthraíonn an fheidhm riachtanach agus an fheidhm inmhianaithe i gcónaí ach ná fuil d’fheidhm aige ó thaobh eochracha marbha ach an ghraif a chur le cúnsainí; feidhm go bhfuil rath uirthi i vt. Easpa feidhme ’n spáis nea’bhrisigh an t‑aon locht ’ aimsíos i ie.basic.acc.kbd le línn na tastála. Tá sé seo agam á fhiosrú i gcónaí.

Is amhlaidh, mar sin, ná cuireann FreeBSD nea’mionathraithe an fheidhm riachtanachan fheidhm inmhianaithe ar fáil ach gur féidir iad a chur leis mar oiriúnú, is gan de locht air seo ach aon rod nea’thromchúiseach amháin agus easpa ar féidir é ’ fhulaingt.

Is fiú a lua ná fuil cúis ar bith go gcuirfeadh mapáil ie.basic.acc.kbd ná mapáil ie.full.acc.kbd as do ghnáthúsáideoirí go bhfuil an Béarla mar theangain oibire acu. Fágadh gach carachtar comónta iontu san áit ina mbeifí a’ súil leo ar mhéarchláir Bhéarla (Éire) agus Bhéarla (An Ríocht Aontaithe).

Logánú an chomhéadain úsáideoɼa

I dtosàch na hoibire seo, d’aithníos leath- nú lán-logánú an chomheadain úsáideora mar rod inmhianaithe. Fuaras amach ná fuil ceachtar acu age FreeBSD.

Shocaraíos ar an ngné seo den iniúchadh a fhágaint as an obair reatha.

Cló an chomhéadain úsáideoɼa

I dtosàch na hoibire seo, d’aithníos mar fheidhm riachtanach cló go bhfuil glifeanna cuí aige d’fhonn gach carachtar de chuid ortaghrafaíocht reatha na Gaelainne a leiriú. Ina theannta soin, d’aithníos glifeanna ’ bheith ar fáil i gcomhair gach carachtair de chuid na hortaghrafaíochta traidisiúnta mar fheidhm inmhianaithe. Fuaras amach go seasaíonn clónna dúchais vt le gach carachtar de chuid na hortaghrafaíochta reatha ach go bhfuil glifeanna i gcomhair roinnt mhaith carachtar de chuid na hortaghrafaíochta traidisiúnta ar lár. Fuaras amach go bhfuil roinnt carachtar eile de chuid mapáil X.Org gan ghlifeanna leis.

Chun dul i ngleic leis seo, shuitálas GNU Unifont i stór clónna vt agus dhineas é ’ chumasú le láimh. Léirigh tástálacha go sáraíonn sé seo an deocracht.

Is amhlaidh, mar sin, ná cuireann FreeBSD nea’mionathraithe an fheidhm riachtanach ar fáil, cé go soláthraíonn sé an fheidhm inmhianaithe. Mar sin féin, is féidir an fheidhm riachtanach a chur leis mar oiriúnú, is gan locht ar bith air.

Ionchódú UTF‑8 i gcomhaid téacsa

I dtosàch na hoibire seo, d’aithníos feidhm iomlán chun ionchódáil UTF‑8 a láimhseáil go sábháltha i gcomhaid téacsa mar fheidhm riachtanach.

Tar éis dom logcaighdeán a sheasaíonn le UTF‑8 a chumasú, agus vt a ghleasadh le heochairmhapa cuí is le cló cuí, léirigh tástálacha dochta go n‑oibríonn an t‑ionchódú so.

Is amhlaidh, mar sin, go gcuireann FreeBSD nea’mionathraithe an fheidhm riachtanach ar fáil, ach logcaighdeán cuí a chumasú. Agus an méid sin déanta, do theip orm aon locht d’aimsiú i leith na feidhme seo.

Caɼachtaiɼ aibítiɼeacha na Gaelainne in ainmneacha comhad ⁊ comhadlann

I dtosàch na hoibire seo, d’aithníos mar fheidhm riachtanach feidhm iomlán chun comhaid agus comhadlanna go bhfuil carachtair de chuid ortaghrafaíocht reatha na Gaelainne ina n‑ainmneacha a láimhseáil go sábhaltha. Ina theannta soin, d’aithníos mar fheidhm inmhianaithe feidhm iomlán chun comhaid agus comhadlanna go bhfuil carachtair de chuid na ortaghrafaíochta traidisiúnta ina n‑ainmneacha a láimhseáil go sábhaltha. Fuaras amach go fuil an dá fheidhm bhunúsach so age FreeBSD, ach é ’ ghléasadh ina gcomhair.

Tar éis dom logcaighdeán a sheasaíonn le UTF‑8 a chumasú, agus vt a ghleasadh le heochairmhapa cuí is le cló cuí, léirigh diantástálacha cuímsitheacha go n‑oibríonn an fheidhm seo.

Is amhlaidh, mar sin, go gcuireann FreeBSD nea’mionathraithe idir an fheidhm riachtanach agus an fheidhm inmhianaithe ar fáil, ach nách muar é ’ ghléasadh ar dtúis le córacha breise: logcaighdeán, eochairmhapa agus cló cuí. Agus an méid sin déanta, do theip orm aon locht d’aimsiú i leith na bhfeidhmeanna so.

Focal scuiɼ

An rogha inoibrithe é FreeBSD ar Fhreastalaí Linux i dtímpeallachtaí ga_IE.UTF‑8? an cheist a cíoradh sa pháipéar so. Tugann torthaí an iniúchta a dhineas le fios nách rogha é FreeBSD nea’mionathraithe, toisc roinnt feidhmiúlachtaí riachtanacha ’ bheith ar lár. Ní deasca saothair bhoicht é an gátar so, mar sin féin, ach gné den gcoimeádachas a luadh ní ba thúisce. Tugann na torthaí céanna le fios go bhféatfaí rogha ’ dhéanamh de FreeBSD ach na feidhmiúlachtaí cuí a chur leis.

Níl i dtástáil shaotharlainne ach tosàch na tástála, agus níl déanta agam go dtí seo ach í. Le línn tástáil pháirce is ea go dtéann mianach aon chóire i soiléire; crua-earra nú bogearra. Cuirim romham freastalaí (nú freastalaithe) tairgiúlachta FreeBSD a ghléasadh do réir mar a dhineas anso, agus úsáid nea’riachtanach, nea’thromchúiseach a bhaint as(tu) ar feadh tréimhse i dtímpeallacht oibire.

Post scɼiptum

20180529
Agus obair seo agam curtha i gcrí, shocaraíos ar an logcaighdeán ga_IE.UTF‑8 agus an eochairmhapa ie.basic.acc.kbd ’ chur fé bhráid an Tionscadail FreeBSD mar phaistí (228587 agus 228588 ar Bhugzilla). Neosfaidh an aimsir an nglacfar leo…

Aguisíní

Aguisín 1: mapáil X.Org Shéamuis Uí Chiaɼdhuain

Mapáil X.Org an Chiardhuanaigh
Buncharachtar + Iomlaoid + Alt Gr + Iomlaoid + Alt Gr
Buncharachtar + Iomlaoid + Alt Gr + Iomlaoid + Alt Gr
` ¬ ¦ ß
1 ! ¡ ¹
2 " ²
3 £ © ³
4 $ ¢
5 % §
6 ^ cuairín marbh (^)
7 &
8 * iúnnlach marbh (¨)
9 ( ª lán stad meánach (·)
0 ) º °
- _ dais‑n (–) dais‑m (—)
= + ±
q Q œ Œ
w W púnnc lastuas marbh (˙) púnnc lastuas marbh (˙)
e E é É
r R ɼ ®
t T
y Y ¥ µ
u U ú Ú
i I í Í
o O ó Ó
p P
[ {
] }
a A á Á
s S
d D
f F
g G ġ Ġ
h H púnnc lastuas marbh (˙) púnnc lastuas marbh (˙)
j J mionlitir Laidne gan phúnnc (ı) ¼
k K fáinne lastuas marbh (°) ½
l L ´ ¾
; :
' @ æ Æ
# ~ « »
\ | graif mharbh (`) sraithín marbh (¸)
z Z ſ
x X comhartha iolraithe (×)
c C ċ Ċ
v V caron marbh (ˇ) pioc
b B
n N tilde marbh (~) pioc
m M
, <
. >
/ ? ÷ ¿

Aguisín 2: caɼachtair ná fuil glifeanna aɼ fáil dóibh i gclónna dúchais vt

Carachtair gan Ghlifeanna i gClónna Dúchais vt
Ainm a’ Charachtair An Carachtar Féinig
Ainm a’ Charachtair An Carachtar Féinig
Et Thireonach
Mionlitir Laidine r, agus cois fhada uirthi ɼ
Mionlitir Laidine s fhada, agus púnnc lastuas uirthi*
Neaschothrom le†
Ceann- agus mion-litir Laidine b, agus púnnc lastuas uirthi Ḃ agus ḃ
Ceann- agus mion-litir Laidine d, agus púnnc lastuas uirthi Ḋ agus ḋ
Ceann- agus mion-litir Laidine f, agus púnnc lastuas uirthi Ḟ agus ḟ
Ceann- agus mion-litir Laidine m, agus púnnc lastuas uirthi Ṁ agus ṁ
Ceann- agus mion-litir Laidine p, agus púnnc lastuas uirthi Ṗ agus ṗ
Ceann- agus mion-litir Laidine s, agus púnnc lastuas uirthi Ṡ agus ṡ
Ceann- agus mion-litir Laidine t, agus púnnc lastuas uirthi Ṫ agus ṫ

*Suimiúil go leor, tá glif ar fáil don mhionlitir s gan phúnnc lastuas (ſ).

†Ní carachtar ortaghrafach de chuid na Gaelainne é seo ach tá sé ar fáil i mapáil an Chiardhuanaigh.

Aguisín 3: téacs tastála utf‑8

  • ÁÉÍÓÚ
  • áéíóú
  • ḂĊḊḞĠṀṖṠṪ
  • ḃċḋḟġṁṗṡṫ
  • ⁊ɼſẛ

Tagaiɼtí